Ulster Irish/Dúlra
I (Jake Dalzell) spent two weeks in the Donegal Gaeltacht in June 2025. Here are some words I heard that refer to the natural world, animals, fishing, farming etc. Note here [è] is a vowel between [ɛ] and [e].
Aice
Poll/eag i gcarraig is maith le gliomaigh agus crúbógaí.
Rann na Feirste [ak´ə], pl. [nə ˈhak´iə̆hə]
Aicíd na bpréataí
Phytophthora infestans (Béarla potato blight)
Rann na Feirste [ak´ɪ̈d̚´ nə b´rɛːti]
Ain-bheathaigh
Ainmhithe contúirteacha na farraige (searcannaí srl)
Rann na Feirste [ˈan´ˌv´ɛhi]
Aiste
Fonn léim ar iasc (Béarla condition where the fish want to jump into boat/net)
Rann na Feirste [aɕt´ə] Aiste a chur ar an iasc
Baoite
Béarla fishing bait
Rann na Feirste [bwɑitə]
Beathach
Béarla horse
Árainn Mhór [b´èəx], ar a bheathach [ɛr ə ˈv´èəx]
Rann na Feirste [b´ɛəh]
Cf. Toraigh [b´aː][1]
Breallach
Lutraria spp. (Béarla otter shell)
Rann na Feirste [b´r´aʟa], pl. [b´r´aʟi]
Cahootchie?
Béarla fishing spinner
Rann na Feirste [ka´hut´ɕi]
Tháinig seo as ainm branda de réir an chainteora.
Cailleach
1. Préataí beaga fágtha i ndiaidh an fhómhair
Rann na Feirste pl. [kaʟ´ahai]
2. (Cailleach dhubh) Phalacrocorax carbo (Béarla Cormorant)
Cáitheadh na dtonn
Béarla sea spray
Rann na Feirste [kæhu]
Níl duifear fuaime eadar seo agus caitheadh.
Cál faiche
Urtica dioica (Béarla nettles)
Rann na Feirste [ˌkɑˑl ˈfæˑj]
Caora
Rann na Feirste gen. pl. [ɴə gᴇːrəx]
An fhoirm ghinideach iolra thraidisiúnta le [ᴇː] – insa tuiseal ainmneach bíonn [ʉː] ann.
Clár
Béarla flat plain (of the sea)
Toraigh “Tá an fharraige 'na chlár.”
Cloch bheag doirnín
Rann na Feirste [klɔʰ v´ɘg dɔrɴ´in´]
Cnuasach
Béarla foraging (on the shore)
Rann na Feirste gen. [d´ænu cruːsi] Bheadh na mná ag déanamh cnuasaigh.
Coraíocht
Béarla (arable) cultivation
Rann na Feirste [fi ˈxɔriaʰt] Bhí an talamh uilig faoi choraíocht.
Cf. Oibrithe
Corróg
Béarla hooks on a fishing line
Rann na Feirste pl. [kɔrɔgi]
Creabhar
Tabanidae (Béarla cleg, horsefly)
Árainn Mhór [k´r´awer], pl. [nə ˈk´r´awer´]
Creimeadh isteach
Béarla Erosion, undercutting (of a cliff)
Rann na Feirste [k´r´ɛm´u]
Crúbóg
Cancer pagurus (Béarla Edible Crab)
Cf. portán. Bhí an duifear seo ag cainteoirí as Árainn Mhór agus Rann na Feirste.
Deargóg
Béarla Pollock
Rann na Feirste [d´arəgɔg]
Dorg
Líne iascaireachta.
Rann na Feirste [darəg]
Dos
Béarla small tuft of grass
Toraigh [dʌs] “Ní fhásfadh dos ar bith ansin” (of a barren place)
Feabhar
Béarla weight on a fishing line
Rann na Feirste [f´awər]
Gaoth chothrom
Béarla even wind
Toraigh [gɯː ˈxɔr̥əm]
Giobach
Béarla choppy, rough (of the sea)
Toraigh [g´ʌbɑ]
Glas binne
Béarla trapped below a cliff
Rann na Feirste: Tá caora faoi ghlas binne [fiː ɰʟɑs b´ɪ̈ɴ´ə] A sheep has gone down a cliff and is now trapped below it.
Glasán
Tá an t-iasc seo cosúil leis an liúdar ach tá sé glas.
Iomghaoth
Béarla Sudden strong gust of wind
Toraigh pl. [ʌˈmiaha]
Is suimiúil gurb ar an darna siolla atá an bhéim – seans gurb ag an chainteoir seo amháin atá sin nó seans gurb é an tuige sin dó gur comhfhocal atá ann (im- + gaoth). Dúirt an cainteoir gur focal atá ann “a bhí ag na seandaoiní”.
Leathach
Béarla wrack (seaweed)
Árainn Mhór [L´èəx]
Cf. Toraigh [ʟ´aː][1] a ghní rím le trágha [trɑː] insan amhrán Beití Sailí Deain:
Nuair a théimse siar chun na trágha
A chur amach bodóg agus leathach
Liúdar
Béarla Coalfish
Rann na Feirste [ʟ´uːdər]
Mea Ghabhair?
Gallinago gallinago (Béarla Snipe)
an Spidéal [ˌm´æː ˈɣawer´]
Tá a fhios agam nach Gaeilic Uladh atá ann ach chuala mé é nuair a bhí mé i dTír Chonaill so chuir mé anseo é.
Mórtas farraige
Farraige gharbh
Murlas
Scomber scombrus (Béarla Mackerel)
Rann na Feirste [mʌrləs]
I Rann na Feirste dúirt siad sa tseanam gur iasc “cáidheach” a bhí ann.
Mushroom
Toraigh [ˈmʌɕrumi ˈgɑːrl´ɔg´] mushroomaí gáirleoige
Oibrithe
Béarla under (arable) cultivation
Rann na Feirste [ɪ̈b´r´ɪ̈ɕt´ə] Bhí an talamh uilig oibrithe.
Cf. Coraíocht
Portán
Béarla Shore Crab
Árainn Mhór [partan]
Rann na Feirste [pɑrtan]
Cf. crúbóg. Bhí an duifear seo ag cainteoirí as Árainn Mhór agus Rann na Feirste.
Reithe
Rann na Feirste [raiçə]
Ruacán
Béarla cockle
Rann na Feirste pl. [ruakan´]
Ruball
Rann na Feirste gen. [rʌb´l´ə ~ rʌbl´ə]
Saíán
“Cosúil le deargógaí óga” ~4-8"
Rann na Feirste pl. [si.an´]
Saotharcán
Vanellus vanellus (Béarla Lapwing)
Rann na Feirste [sᴇːrkan]
Cf. Toraigh saotharcóg [sᴇːrkɔg].[1]
Scaineagán
Clocha beaga thart fá 1.5cm – bíonn an t-iolra ann.
Rann na Feirste [skanagan´]
Sceartán
Béarla tick
Árainn Mhór [ɕk´artan]
Sceith
Béarla spawning (of herring)
Rann na Feirste [ɕk´e]
Chóir-a-bheith gur [ɪ] a bhí sa ghuta.
Scion mara
Pharidae (Béarla razor clams)
Rann na Feirste pl. [ˌɕg´ɪ̈n´ə ˈmɑrə]
Sealgóg
An píosa den iasc eadar ruball agus corp (Béarla caudal peduncle)
Rann na Feirste [ɕaləgɑg]
Slat saileoige
Béarla sally (willow) rod
Rann na Feirste [ˌslat ˈsɪ̈l´ɔg´ə]
Sligeán
“Rud ar bith a bhfuil blaosc air” (Béarla shellfish)
Rann na Feirste pl. [ɕl´ɪ̈g´an´]
Sligeán dubh
Béarla mussels
Rann na Feirste pl. [ɕl´ɪ̈gan´ ɣuʰ]
Slugach
Arenicola marina (Béarla Lugworm)
Rann na Feirste pl. [slʌgi]
San áit a mbíonn slugach bíonn cnapán [krapan] ann agus poll ag n-a thaoibh [ˈpʌʟ ɪ̈gnə ˈhiːv´].
Stacán
Béarla sea stack
Rann na Feirste [stakan]
Tréataí
Línte in áit a mbeadh uisce ina rith ar chloich, ar éadaigh ⁊rl. Dá mbeadh sé ag cur fearthanna bheadh tréataí ar do chuid éadaigh.
Rann na Feirste [t´r´eːti]
Trosc
Rann na Feirste [trɔ̜sk]